← Ar ais ċuig an gclár

Brioscaí Ṁiriam

Le Miriam Nic an Úcaire

Níor cáineadh na brioscaí seo ach uair amháin riamh.

Dúirt fear as Conamara liom gur deacair a rá cé acu ba mheasa – mo chuid tiomána nó mo chuid brioscaí. Bhí an briosca ite aige sular chríochnaigh sé an abairt, áfach. Glacfaimid leis, mar sin, gur ardmholadh do mo chuid tiomána a bhí ann.

Rinne mé gach sórt oidis brioscaí a thriail thar na blianta, ach ní dheachaigh aon cheann acu i gcion go mór orm go dtí gur tháinig mé ar an gceann seo. Níor fhill mé ar oideas eile ó shin. Agus anois, de bharr éileamh an phobail, tá an rún á scaoileadh agam faoi dheireadh.

Is é an t-im donnaithe croí agus anam na mbrioscaí seo – tugann sé blas domhain cnónna agus saibhreas dóibh, agus is fiú go mór an obair bheag bhreise.

Comháḃair

170g im 160g siúcra donn 25g siúcra bán garbh 1 ubh + 1 buíocán uibhe 220g plúr bán ¾ taespúnóg sóid aráin 1 taespúnóg fanaile 200g seacláid dhorcha (Mholfainn meascán 50/50 de sheacláid shaillte 56% cócó agus seacláid caramal saillte 70% cócó ó Lidl, ach is féidir do rogha seacláide a úsáid.)

Ní chuirim salann breise san oideas seo de ghnáth, mar go n-úsádim im saillte agus seacláid shaillte.

An t-im a ḋonnú

Chun an t-im a dhonnú, gearr ina phíosaí agus cuir i bpanna é. Leáigh ar theas measartha é agus coinnigh á chorraí go réidh ar feadh 5–10 nóiméad. Tosóidh sé ag cúradh; nuair a shocraíonn an cúr feicfidh tú giotaí beaga ag bun an phanna. Nuair a thagann dath donnórga orthu seo agus boladh saibhir cnónna ag teacht uaidh, tá sé réidh. Bain den teas é láithreach agus doirt i mbabhla teasdíonach é chun stop a chur leis an gcócaireacht. Lig don im fuarú ar feadh cúig nóiméad.

Moḋ

I mbabhla mór, cuir le chéile an t-im donnaithe agus na siúcraí. Ansin cuir isteach an ubh, an buíocán uibhe agus an fanaile, agus measc le chéile go maith iad.

Cuir isteach an plúr agus an tsóid aráin agus measc le chéile an méid sin. Seachain an iomarca measctha ag an bpointe seo. Ar deireadh, measc an tseacláid isteach go réidh.

Cuir an taos sa chuisneoir ar feadh uair an chloig ar a laghad.

Réamhthéigh an t-oigheann go 180°C. Líneáil dhá thrádaire bácála le páipéar párach. Déan thart ar 14 liathróid chothroma den taos agus scaip amach iad ar na tráidirí – bí cúramach gan iad a chur róchóngarach dá chéile. Bácáil ar feadh 10–13 nóiméad iad. Lig do na brioscaí fuarú sula n-íosfaidh tú iad.