← Ar ais ċuig an gclár

Teaċ Ceann Tuí

Le Colm Seoiġe

Teach ceann tuí
Péire fuinneog
Doras a shéideann an ghaoth
trí in amanna
Caonach ar na binn
Ballaí láidre mín

Faoin tuí
Idir na beanna
Seanfhear le tine lasta
ag coigilt na tine
“mar a choiglíonn Dia
na daoine”

Éirionn splanc
go ciúin, go réidh
ag cnáfairt thar an teallach
scaipeann tine
Lasann teach ceann tuí
ón taobh istigh