Réaṁrá
Níl an seinnteoir ABAIR ar fáil faoi láthair (b'fhéidir go bhfuil an freastalaí thíos).
Dia daoibh a chairde, is mise Caoimhe Ní Bhradáin, eagarthóir agus bunaitheoir Eascairt. Is mac léinn fochéime le Léann an Aistriúcháin agus Spáinnis mé.
Agus mé ag cur snas ar mo chuid Gaeilge, thoisigh mé ag léamh níos mó ábhar litríochta, aistrithe agus iriseoireachta i nGaeilge. Chonacthas domh go raibh caighdeán scríbhneoireachta na hiriseoireachta míshásúil. Tugtar fán drochscríbhneoireacht seo le haigne an Bhéarla agus foilsítear scríbhneoireacht mhíchruinn mar thoradh. Ina theannta sin, níl píosaí scríbhneoireachta atá bunaithe ar an Chaighdeán Oifigiúil ina slat tomhais ar scríbhneoireacht mhaith na Gaeilge.
Toisc go dtugtar toisíocht do scríbhneoireacht chanúnach in iris Eascairt, bhí mé ag iarraidh talamh slán a dhéanamh de go mbeadh an scríbhneoireacht inrochtana d’achan neach. Feicfear cóid QR ag tús na díolama, de bharr comhpháirtíochta le foireann taighde ABAIR. Léifear na hailt i mblas canúnach leis na guthanna sintéiseacha, agus tabharfaidh sé seo an deis don léitheoir éisteacht leis an alt scríofa i gcanúint faoi leith, díreach mar a chluinfí é ón scríbhneoir féin.
Tugann an iris seo deis do mhic léinn a gcuid scríbhneoireachta den scoith a chur i láthair an phobail, agus an deis daofa blasanna na tíre a shú chomh maith le saibhreas scríbhneoireachta. Mar a dúirt Séamus Ó Creag, “Beatha teanga í a labhairt; buanú teanga í a scríobh.”
Seo chugaibh an chéad eagrán den iris. Go mbaine sibh súp agus sult as.