← Ar ais ċuig an gclár

Aṫḃeoċan an Ċumainn Drámaíoċta

Le Fiona Janssen

Scríobhadh an t-alt seo an seimeastar seo caite.

Sa bhliain acadúil 2024/25, tháinig athbhláthú ar an gCumann Drámaíochta in Ollscoil na Gaillimhe. Le blianta anuas, d’imigh spéis sa Chumann Drámaíochta i léig, sa tréimhse 2014 – 2024. Buaileadh buille mór ar an gCumann in imeacht na mblianta de bharr easpa airgid, treoraithe agus spreagtha. Chun an Cumann a chur i mbéal an phobail arís, bhí orthu dream díograiseach a thabhairt le chéile.

Thug Julieanne Ní Mhullaoidh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge (CML) na bliana 2024 – 2025, léargas dom ar an dream sin. Léirigh sí go raibh “gach duine chomh flaithiúil lena n-eolas” faoin gCumann, go háirithe agus iad i mbun taighde ar mhodh athbheochana. Bhí sé mar aidhm acu “spás a chruthú do phobal ealaíonta na teanga”.

Anuas ar sin, bhí deis agam léachtóir i Léann na Cumarsáide, Aodh Ó Coiléain, a chur faoi agallamh. Bhíodh Aodh sáite sa drámaíocht agus é ag fás aníos. Bhíodh sé mar bhall den Chumann Drámaíochta sa chéad bhliain agus é ina mhac léinn in 1986. Thug Aodh léargas dom ar an mbealach a mbíonn tionchar ag an drámaíocht ar shaol an duine óig.

“Tugann [an drámaíocht] luach duit féin go bhfuil an cumas ionat. Tugann sé féinmheas, muinín, misneach duit. [...] Ní féidir luach a chur ar na rudaí sin.”

Chuir an Cumann an dráma Gaeilgeoirí le hAntoine Ó Flatharta i láthair ag deireadh sheimeastar an earraigh anuraidh. Is léir go raibh rath na raithní ar an léiriú mar gheall go raibh tóin ar gach suíochán in amharclann na hollscoile.

I mbliana, cuirfear an dráma, Coinneáil Orainn le Darach Ó Scolaí ar stáitse. Is í Reachtaire an Chumainn, Caoimhe Ní Chualáin, a bheidh ina stiúrthóir ar an dráma. Agus mé ag labhairt léi, dúirt sí go bhfuil sí “thar a bheith sásta leis an dul chun cinn go dtí seo”, mar gheall go bhfuil na haisteoirí fíorchumasacha “ag obair go crua”. Ach mar a dúirt Caoimhe í féin, ní bhíonn aon bhua gan dua. Léirigh sí go raibh orthu dul i ngleic le cúpla dúshlán agus iad ag ullmhú don dráma. Bhí deacracht fiú ag an lucht stiúrtha agus iad ag roghnú chliar an dráma mar gheall nach raibh siad ag súil le caighdeán drámaíochta chomh hard sin sna héisteachtaí.

Tá an t-ádh orainn go bhfuil an Cumann Drámaíochta ar ais agus beo beathach in Ollscoil na Gaillimhe. Go raibh gach rath orthu as seo amach!