← Ar ais ċuig an gclár

Aistear Aisrtiúċáin

Seo píosa a ḃailiġ Eilís Ní Ḃroin ón aistriṫeoir agus iarṁac léinn, Néaṁann Ní Ḋonnġaile. Tugtar léargas ar aistear gairme Néaṁainn go dtí seo sa slioċt ṫíos.

le Néaṁann Ní Ḋonnġaile

Is mise Néamhann agus is as contae Thír Eoghain dom. Tá mé ar an darna duine is óige i dteaghlach de sheisear páistí agus tógadh le Gaeilge muid. Is i nGaeilge a thug mé faoi m’oideachas bunscolaíochta is meánscolaíochta fosta agus bhí an t-ádh orm an cúrsa Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin a dhéanamh in Ollscoil na Gaillimhe. Bhain mé céim amach ansin cúpla bliain ó shin agus is saoraistritheoir anois mé.

Ba sa mheánscoil a thoisigh mé a chur snas ar mo chuid Gaeilge scríofa agus bhí cúpla múinteoir iontach agam i gColáiste Oiriall, a chuir béim ar chúrsaí gramadaí is cruinnis. Thoisigh m’athair ag aistriú thart fá 10 mbliana ó shin agus a sháith aige den teagasc. Is cuimhin liom gur ghnách liomsa a bheith ag spochadh as ag an am á rá go raibh a chuid oibre róshimplí is ró-áisiúil agus go raibh sé in am aige dul ar ais ag teagasc! Is beag a shíl mé go mbeinnse ag obair san earnáil chéanna, roinnt blianta ina dhiaidh!

Chuir mé spéis mhór san aistriúchán liteartha agus bhí modúl againn ina raibh orainn aistriúchán a dhéanamh ar leabhar do pháistí. Lean mé ar aghaidh leis an obair sin is mé ar thaithí oibre agus le cuidiú Dé, pillfidh mé ar an chineál sin oibre amach anseo. Ba bhreá liom a bheith ag aistriú is ag cumadh scéalta do pháistí.

Ó tharla go mbainim úsáid as bogearraí aistriúcháin, is eagarthóireacht is mó a bhíonn ar siúl agam seachas aistriúchán ó bhonn. Is dóigh liom féin gurb é an rud is tábhachtaí is tú ag aistriú an teachtaireacht chéanna atá sa bhuntéacs a chur i láthair go soiléir. Déanaim iarracht i gcónaí rudaí a rá ar bhealach nádúrtha Gaelach agus an bhrí focal ar fhocal a sheachaint.

Ar a bharr sin, tá faill anois agam ar obair aistriúcháin ón Aontas Eorpach agus tá mé ag dul i dtaithí, de réir a chéile, ar an ghairm sin. Cé gur obair dhúshlánach í agus nach bhfuil cloigeann dlí orm, is deas a bheith ag foghlaim fá rialacha gramadaí, téarmaí, achtanna, cúrsaí stíle, srl., agus tá mé iontach buíoch as sin.