← Ar ais ċuig an gclár

Taiġde ar bun ċun Tástáil Ċognaíoċ Montréal (MoCA) a Ḟorbairt i nGaelainn

Le hÍde Ní Ifearnáin

Tá os cionn 64000 duine in Éirinn a bhfuil néaltrú orthu. Ceaptar go n-ardóidh sé sin go 150000 faoi 2045. Tá sé an-tábhachtach go mbraithfí ar an néaltrú go luath i dtreo is gur féidir an chóir leighis chuí a chur i bhfeidhm. Mar sin, ba cheart inrochtaineacht na scagthástála a mhéadú. Tá réimse tástálacha ann a úsáidtear i mbrath néaltraithe. Ina measc, tá Tástáil Chognaíoch Montréal (MoCA). Úsáidtear an MoCA mar uirlis chun scagthástáil a dhéanamh le haghaidh lagú cognaíoch éadrom. Is céim é lagú cognaíoch éadrom a idirdhealaíonn gnáthathruithe cognaíocha a bhaineann le héirí níos sine agus athruithe a bhaineann le néaltrú. Déantar tástáil ar fheidhmiúchán, aird, teanga, teibiú, cuimhne, agus treoshuíomh. Tá an MoCA ar fáil in os cionn 100 teanga agus canúint faoi láthair …ach níl an Ghaelainn ina measc.

An Taiġde

Forbraíodh trí leagan Gaelainne den MoCA. Ba ghá gnéithe áirithe den tástáil a chur in oiriúint do chomhthéacs na Gaelainne. Mar shampla, mar chuid den tástáil, bíonn ar an rannpháirtí cuimhneamh ar liosta focal. Bhí cuid de na focail seo níos coitianta i mBéarla ná i nGaelainn. Mar shampla, tá velvet agus nylon níos coitianta ná mar atá veilbhit agus níolón. Mar sin, úsáideadh síoda agus lása ina n-ionad. Seiceáladh minicíochtaí coibhneasta na bhfocal leis na corpais Subtlex-UK (Béarla) agus Corpas Náisiúnta na Gaeilge (Gaeilge).

Anglalárnaċas

Léirigh anailís staitisticiúil go raibh difríocht ann idir an scór i nGaelainn agus i mBéarla i bhfothrialacha áirithe. Mar shampla, bhí deacracht ag 95% de dhaoine pictiúr de shrónbheannach (rhinoceros) a ainmniú i nGaelainn. I gcuid eile den scrúdú, bíonn ar an duine abairt a athrá. Níor éirigh le go leor daoine an abairt a rá arís i nGaelainn, cé gur éirigh leo a leithéid a dhéanamh i mBéarla agus go raibh na habairtí ar chomhfhad sa dá theanga. Níl ord na bhfocal chomh tábhachtach céanna sa Ghaelainn mar sin féin agus b’fhéidir go raibh sé níos deacra cuimhneamh ar ord na bhfocal san abairt a tugadh dá réir.

Ba cheart a lua nach léiríonn scór níos ísle i nGaelainn easnamh cognaíoch – ní raibh néaltrú ar na rannpháirtithe; léiríonn sé deacracht leis an tástáil í féin. Níl nithe áirithe oiriúnach do chainteoirí Gaelainne toisc go bhfuilid Anglalárnach. Ní raibh cead againn na codanna seo a athrú ach sa chás gur cruthaíodh ná rabhadar ar eolas ag lucht na Gaelainne. Anois go bhfuil sé sin cruthaithe d’fhéadfaí pictiúr de choinín, fia, nó muc a úsáid in áit an tsrónbheannaigh, mar shampla.

Uirlisí Scagṫástála i nGaelainn

Tá go leor cúiseanna ann ar cheart go mbeadh uirlisí scagthástála ar nós an MoCA ar fáil i nGaelainn. I gcás stróc, mar shampla, d’fhéadfadh afáise neamhchomhuaineach teacht ar dhaoine a bhfuil níos mó na teanga amháin acu; is é sin go mbíonn deacrachtaí teangan agus cumarsáide níos tromchúisí acu i dteanga amháin. I gcásanna eisceachtúla, d’fhéadfadh an duine teanga iomlán a chailliúint. Mar sin, tá sé ríthabhachtach tástálacha cognaíocha a reáchtáil i ngach teanga atá ag an othar.

Tá taighde ann a deir go bhfuil an tslí ina n-eagraítear cúrsaí teangan san inchinn difriúil i ndaoine aonteangacha agus i ndaoine dátheangacha. Mar sin féin, níl eolaithe d’aon ghuth maidir leis an néaltrú agus an dátheangachas.

Táthar ann a mhaíonn go mbíonn daoine dátheangacha níos sine nuair a léiríonn siad comharthaí néaltraithe don chéad uair. Ina dhiaidh sin, táthar ann a deir nach mbíonn aon difear ann, agus tá a thuilleadh ann arís a deir go mbraitheann sé ar thosca faoi leith (msh. an cumas teangan atá ag an duine sa dá theanga). Deir taighde a reáchtáladh le déanaí nach bhfuil aon difear ann idir an aois a bhíonn ag daoine aonteangacha agus dátheangacha nuair a thugtar diagnóis néaltraithe dóibh ach go mbíonn daoine dátheangacha níos sine nuair a bhraitear lagú cognaíoch éadrom. Tá sé sin an-tábhachtach mar más fíor é, ar an ábhar go gciallaíonn sé go n-iompaíonn lagú cognaíoch éadrom ina néaltrú ag ráta i bhfad níos tapúla i measc daoine dátheangacha. Mar sin, bheadh géarghá le hinrochtaineacht na scagthástála a mhéadú i bpobail dhátheangacha, ar nós phobail na Gaelainne.

Chomh maith leis sin, ba cheart go ndéanfaí gach iarracht i gcónaí strus an othair a laghdú. Tá daoine ann atá níos mó ar a suaimhneas agus iad ag cumarsáid i nGaelainn agus mar sin ba cheart go mbeadh rochtain acu ar sheirbhís trí Ghaelainn.

Gluais

1 néaltrú = dementia
2 lagú cognaíoch éadrom = mild cognitive impairment
3 afáise neamhchomhuaineach = non-parallel aphasia