← Ar ais ċuig an gclár

An Fearr Gaeilge Ḃriste ná Béarla Cliste?

Le Caoiṁe Ní Ḃradáin

Nuair a chluintear an seanfhocal “Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste”, is minic a smaoinítear ar ‘athbheochan’ nó ar ‘spreagadh teangaidh’. Mar sin de, cad tuige a gcuirtear an seanfhocal seo i bhfoirm cheisteach sa teideal? Ó dhearcadh an fhoghlaimeora, spreagann an seanfhocal muinín iontu chun ‘cúpla focal’ a úsáid anois agus arís, gan glacadh le freagracht na teangaidh. I gcás na nGael de, cén maitheas atá i gceist le focla Béarla a spré i measc ár dteangaidh?

Cuirtear an locht is mó ar na Sasanaigh i dtaca le meath na Gaeilge sa tír seo. Thoisigh dúnmharú na Gaeilge na céadta bliain ó shin, ach de bharr teacht aniar ár sinsir, tháinig an teanga slán. Ba iad na Sasanaigh a raibh an locht orthu maidir le daorsmacht forleathan na Gaeilge leoga, ach caidé fán lá atá inniu ann? Níl bolg na tíre bige fíochmhaire seo go fóill faoi chos na Sasanach, seachas sna Sé Chontae, dar ndóighe. Ach is léir nach gcuireann sé sin isteach ná amach ar An Dream Dearg agus neart gníomhaithe eile.

Níl aon amhras ann ach go bhfuil locht sa chóras oideachais í féin, ach sin ráite, b’fhiú súil a chaitheamh ar an dochar atá déanta ag cainteoirí laethúla na teangaidh. Is iad na Gaeil atá is ciontaí maidir le féinmharú na Gaeilge, dar liom féin. Tá sé seo amhlaidh de thoradh cainteoirí ag baint úsáid as foclóir an Bhéarla i measc a gcuid cainte anseo agus ansiúd. Ní muid-ine an t-aon dream atá tití sa pheaca, ámh. Is minic a chaith-eann cainteoirí na Catalóinise focla Spáinnise i lár a gcuid cainte ar an mhodh chéanna.

Thiocfaí tráchtas iomlán a scríobh ar na cúiseanna, ar na gnéithe agus a leithéid a bhaineann leis an cheist seo. Ach bíodh sé seo mar fhoinse spreagtha díospóireachta nó fiú mar ábhar machnaimh duit, i dtaobh na hathruithe a thiocfadh leat tabhairt faoi agus tú ag labhairt na teangaidh feasta. Mar a deir an gníomhaí teanga, Ciara Ní É, go mion minic, is fearr Gaeilge chliste ná Gaeilge bhriste.