← Ar ais ċuig an gclár

Sraith Leaḃar - An Teanga Ḃeo

Le Luke Ó Floinn

Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus níos mó a fhoghlaim faoi fhoghraíocht na Gaeilge, mholfainn duit ceann de na leabhra sa tsraith An Teanga Bheo a phiocadh suas. Is sraith leabhra beaga iad ina dtugtar eolas faoi Ghaeilge Chonamara, faoi Ghaeilge Uladh, agus faoi Ghaeilge Chorca Dhuibhne. Is leabhra iad do mhic léinn, do mhúinteoirí, do chraoltóirí agus do chuairteoirí chun na Gaeltachta agus déanann siad cur síos cruinn ar ghnéithe éagsúla den teanga, idir bhriathra agus fhuaimniú. Ceannaíodh an leabhar ar Ghaeilge Chonamara (a scríobh Séamus Ó Murchú) dhom do mo bhreithlá. Is leabhar beag í ach bíonn blas ar an mbeagán. Bhí iontas orm leis an méid saibhris atá sa leabhar beag seo. Tagaim ar ais chuige ó am go chéile chun léamh tríd arís agus tagann rudaí beaga nua chun cinn gach uair.

Shílfeá go mbeadh na rudaí céanna ar fáil sna leabhra uilig ach sin ráite, seasann cúpla rud difriúil amach iontu. Cinnte, is é an aidhm chéanna atá iontu uilig, agus móran de na téamaí céanna le fáil iontu, ach sa leabhar Gaeilge Chonamara mar shampla, tugtar aguisín faoi Ghaeilge Árann gar don deireadh. Déantar géaranailís ar an gcanúint is deise in Éirinn (dar liom féin) sa leabhar, agus píosa ráite faoi thréithe na canúna sin ar leith, foghraíocht agus stór focal ina measc. Níl ann ach dhá leathanach ach déanann sé jab maith de na gnéithe den teanga a chloistear sna trí oileán a mhíniú. Sa leabhar ar Ghaeilge Uladh tá léarscáil bheag de Thír Chonaill le fáil, ina luaitear cúpla áit cosúil le hInis Eoghain, Gaoth Dobhair agus Árainn Mhór. Mar is eol dhom, níl rud ar bith cosúil leis sin le fáil i leabhar Chorca Dhuibhne.

Tá foclóirín agus stór focal le fáil ag deireadh leabhar Ghaeilge Chonamara ina dtugtar samplaí d’fhocla breátha Chonamara. Bhí focla ann cosúil le “goille” (tar anseo/gabh i leith) atá cloistí agam le blianta sa gcaint ach nach bhfuil feicthe agam ar pháipéar; bhí sé suimiúil an litriú ar na cineál focla seo a fheiceáil.

Tá na trí leabhar sa tsraith ar fáil ar líne ag siopaleabhar.com ar €9 an ceann agus mholfainn iad do gach cainteoir Gaeilge idir óg agus aosta atá ag iarraidh gnéithe beaga a gcanúna féin, nó canúint eile a thabhairt leo!