Obair na gCapall
Níl an seinnteoir ABAIR ar fáil faoi láthair (b'fhéidir go bhfuil an freastalaí thíos).
Féach ar an gcapall sin thall, an ceann dubh agus bán,
Blinkers ar na súile agus adhastar ar a cheann.
An trap mór lán le daoine á tharraingt aige;
Cúigear, seisear leis an tiománaí chun tosaigh orthu
Lasc den fuip agus ar aghaidh leis an gcréatúr.
Trup, trup a chapaillín, an t-amhrán os mo chomhair
agus an capall álainn seo ag obair faoi theas na gréine.
An ghrian ag ardú thar dhroim an lae.
‘Cash in hand’ don tiománaí agus cuimilt don chapall ag an deireadh,
Ni bheadh a fhios agam an é an capall nó an turasóir atá sa trap.
Siar leo abhaile ar an mbóthar úd thall.
Capall amháin den marcshlua, ag máirseáil caol díreach abhaile.