← Ar ais ċuig an gclár

Ar do ġaḃáil trí Ċorca Ḋuiḃne ḋuit…

Seo hiad mo ṁoltaí daoiḃ is siḃ a gaḃáil trí Ġaeltaċt Ċorca Ḋuiḃne. Bain súp as!

Le Colm Ó hEartáin

Sóisialta

I dtaobh tithe tabhairne de, sa dúthaigh seo tá daichead ‘s deich. Gheobhfá ceol breá Gaelach i Neligan’s sa Daingean, ‘s bíonn rince seit ann gach Luan ar a leathuair tar éis a hocht. Is minic go mbíonn ceol traidisiúnta in John Benny’s nó Hannie Agnie’s leis. Ach más piúnt ar do shuaimhneas atá uait, ní raighfeá amú thiar ar an mBuailtín i do rogha tabhairne. Gheobhfá rogha beorach deas, go ndeintear ar an Riasc, i dTigh Bhric.

Teanga

B’fhiú go mór dul siar timpeall Chinn Sléibhe go Tí Khruger tráthnóna ‘s deoch a chur díot chun cluas a chur le muintir na háite is iad i mbun comhrá. Ba dheacair theacht ar Ghaelainn ní ba bhreátha ná mar a bhfaighfeá ansan.

Tá foinse láidir eile ar an mbaile céanna, Dún Chaoin, in Ionad an Bhlascaoid. Tá idir thaifead ‘s leabhair ar amhráin, ar dhaoine, ar sheanachais agus ar dhúlra na háite le feiscint ann.

Cé gur mórán atá ar fáil sa Ghaeltacht so, i dtaobh teangan de, ba mhór an trua teacht is gan rian do choise a fhágaint ar an mBlascaod Mór.

Suite ar Ché Dhún Chaoin, d’fhéadfá caife agus donnóg deas a dh’fháilt i gCupán Sé ‘s tú a fanacht ar an mbád amach go dtín oileán.

Tá foinse mhaith leabhar Gaelainne ar fáil in san gCaifé Liteartha sa Daingean.

Is tú ag taisteal, is mó úsáid a bhainfeá as an bhfoclóir seo a leannas, b’fhéidir chun go ligfeá ort gur de shliocht na háite tú.

  • Conás tán tú?/Conas tá ‘gat?

  • Táim go diail, ambaiste!

  • Aon scéal? Diabhal feaic!

  • A’ gcualaís fé _____?

  • A’ bhfeadairís cál ____? N’fheadar!

  • Caid = peil

Tabhair fé deara go gcuirtear an bhéim ar an tarna leath d’fhocail nuair is féidir, agus go gcuirtear an briathar agus an forainm pearasanta le chéile i gcónaí nach mór m.sh. chuaigh + mé = chuas, d’imir muid = d’imríomar. Is mó eolas eile a gheobhfá i leabhar Dhiarmuid Uí Shé: An Teanga Bheo, Corca Dhuibhne.

Tráiġeanna

  • An Béal Bán (siúlóid ‘s radharcanna breátha)

  • Ceann Trá (uisce is teo anso de réir dealraimh)

  • Tráigh Bhaile ‘n Chaladh (radharc deas ar luí na gréine)

  • Clochar (radharc aoibhinn ar an Marabhán(Inis Tuaisceart), is minic go mbeadh tonnta fiachmhara anso. Ní mholtar dul a snámh)

  • Poll Mhac an tSaoi (oiriúnach do shnámh ag barra taoide nuair athánn sé ciúin, in aice le hIonad an Bhlascaoid)

Siúlóidí

  • Siúlóid Naomh Ghobnait (ó Ionad an Bhlascaoid) - 30n

  • Cuas na Nae (ó Chlochar) - 45n

  • Cruach Mhárthain (ón gCeathrún) - 1u 45n

Láṫraí Stairiúla

B’fhiú, dar liom, cuairt a thabhairt orthu so a leanas chun tuiscint níos fearr a dh’fháilt ar stair Chorca Dhuibhne, go háirithe má thánn sibh cóngarach dóibh is fonn siúil oraibh.

  • Sáipéilín Ghallarais (turas tionlactha ar fáil)

  • Dún an Óir

  • Cill Maol Céadair

  • Cathair Deargáin

  • An Dún Mór