← Ar ais ċuig an gclár

Ag spaisteoireaċt sa Spáinn

An saiḃreas atá le fáil sa taisteal mall

Le hÁine Ní Ṡíoċáin

Siúladh an Camino de Santiago den chéad uair sa naoú céad. Shiúil mé an Camino don chéad uair naoi lá ó shin. Tá na spuaice fós do mo chrá, agus táid fós pianmhar, ach ar a laghad, déarfainn go bhfuil ag éirí níos fearr liom ná an chéad duine a shiúil an tslí tráth dá raibh.

Ach ná bíodh sé ina bhac duit turas Camino chur in áirithint muna siúlóir thú. Anois, is an-ambasadóir mé don siesta, nuair atáim sa Spáinn nó in Éirinn fiú, ach amháin nuair atáim tar éis cúig chiliméadar is fiche a shiúl, tá mo bhuidéal uisce go léir ólta agam agus mé stiúgtha leis an ocras. Mholfainn do chuid ama a thógail ar an turas, ach is fiú iarracht a dhéanamh an chéad sráidbhaile eile a shriocheadh roimh a cúig a chlog.

Sin a bhfuil i gceist leis an gCamino. Siúlann tú ó shráidbhaile go sráidbhaile, agus ní chaitheann tú níos mó ná oíche in sráidbhaile amháin de ghnáth. Is féidir leat slite a shiúil ón bPortaingéil, ón bhFrainc, agus ó gach cúinne den Spáinn mar chuid den Camino. Shiúl mé ó Sarria sa Spáinn go dtí Santiago agus ba mhaith an tslí í mar gheall nár ghlac sí ach seachtain amháin spaisteoireachta orm. Bhí an tslí sin mar chuid den slí Francés, cé nár chas mé le Francach ar bith! Níor mhiste liom. B’fhéidir gur stop siad ag siúl na slí tar éis an naoú céad.

Anois, is maith an t-anlann an t-ocras agus cinnte ba chorp an tseanfhocail sin mé agus mé ag siúl ó shráidbhaile go sráidbhaile. Is mithid do mhuintir na Spáinne ar an mbéile oilithrigh. Bhíodh béile oilithrigh le trí chúrsa agus deoch san áireamh ar fáil ar phraghas €14 - €18. Nó don té nach mbíodh fonn dinnéir air, chosnaigh greim bheag €5 - €8. Ní bhíodh cúpán caife níos daoire ná €2.50, praghas nach bhfaca mé ar chupán caifé ar feadh na mblianta!

Ach an t-aon rud rach mé go hiomlán cinnte faoi agus mé ag dul go dtí Sarria ar mo chéad ná an taobh creidimh den Camino. Tá ceangal reiligiúnach láidir ann mar dhéanfadh oilithrigh an turas fada chuig an ardeaglais iontach i Santiago de Compostela, ar thóir bealaigh chun a gcuid ama sa phurgadóir a laghdú. Ba dheacair dom a rá cén uair deiridh a ndeachaigh mé ar Aifreann, ach tá meas agam ar dhaoine atá dúthrachtach faoi chreideamh ar bith a chleachtadh.

Ní gnáth-saoire é seo ach bheadh gach uile dhuine in ann luach a bhaint as am a chaitheamh amuigh sa dúlra agus ag spaisteoireacht sa Spáinn.